CONRADH NA GAEILGE
Tuairisc an Rúnaí 4 Deireadh Fómhair, 1999
Oifigigh na Craoibhe:
Uachtarán: An tSiúir Oilibhéar
Cathaoirleach: Úna Ní Ghabhláin
Rúnaí: Gearóidín Ní Ghrúinéil
Leas Rúnaí: Majella Ní Chonduibh
Cisteoir: Seán Ó Cionfhaola
Iniúchóir: Antoin Mac Amhlaoidh
Oifigeach Preas: Cáit Uí Eineacháin
Imeachtaí na Craoibhe
1. Cuireadh Ciorcal cainte ar bun. Bhí an freastal lag go leor ach bhí sport ann. Seán Ó Cionfhaola agus Mícheál Ó Seacnasaigh a bhí i mbun sin.
2. Bhí Léacht ó Ríonach Uí Ógáin "Béal Oideas Mhaigh Eo 1798".
3. Árd Fheis 1999 a tionóladh sa Welcome Inn i mí Bealtaine. D'éirigh go maith leis - d'oscail Eamon Ó Cuív an tÁrd Fheis. Bhí an tSeirbhís idir eaglasta an suimiúl. Bhí freastal maith ar an dinnéar agus bhí Céilí maith ann le P.J. Ó hIarnáin.
4. Bhí Oíche cheol i nGréasán an Damháin Alla 16.3.99. Bhí Trá na gCeist Boird "Quiz Boird" i gcomhair bronnadh fáinní do na mic léinn dara leibhéal.
5. D'éirigh an mhaith leis an mbailiúchán. Bailíodh £932 - buíochas ag dul do na bailitheoirí.
6. Cuireadh Dráma ar an Stáitse. Léiríodh é i nGort a'Choirce agus i gCeatharlach - An Roinn Cadeolaíochta le Brian Ó Tiomáin. Páirteach sa Dráma bhí Úna Ní Ghabhláin, Seán Ó Cionfhaola, Máire De Búrca, Séamus Mac ConMara, Treasa Uí Dhiscín - Léiritheoir M. De Búrca.
7. Tosaíodh ar bheagán réitiúcháin don Oireachtas. D'fhreastail Máirtín Ó Maicín, Seán Ó Cionfhaola, G. Ní Ghrúinéil an cruinniú de Choiste an Oireachtais i mBaile Átha Cliath. Beidh an tOireachtas ar siúl ón 2.11.'00 - 5.11.'00.
8. Leanadh ar aghaidh leis an obair ag soláthar cláracha do CRC FM, Caisleán a'Bharraigh.
9. Tugadh tacaíocht do Shéamus Mac ConMara sa chlár Cleamhnas TG4 a bhí ar siúl i nGaillimh agus chuaigh baill den Choiste go dtí an taifeadadh.
10. Bhí Comhoibriú idir an Conradh agus an Comhaltas i rith na bliana.
11. Buíochas ag dul dár lucht tacaíochta.
Go to Castlebar