
  Chuaigh Múinteoir Michelle ar cuairt bliana go Meiriceá 
  Theas 
  ar sos gairmiúil. 
We're following her footsteps in this interesting and beautiful continent.

Ar dtús, seo léarscáil de 
  Mheiriceá Theas
  (copyright, GraphicMaps.com)


Chuaigh mé go dtí Buenos 
  Aires, príomhchathair na hAirgintíne.
  Seo Plaza de Mayo i mBuenos Aires.
  Níl aon bhaint ag an ainm le Maigh Eo áfach!
  Tá plazas i ngach áit. 
Ón áit sin, chuaigh mé 
  ar cuairt go dtí Iguazu, chun eas álainn a fheiceáil
  Tá sé san oir-thuaisceart, gar do Brazil agus Paraguay. 
  
  Chonaic mé an t-eas uisce ón dá thaobh.
  Seo píosa fíor bheag den rud ar fad.
| These pictures were taken by Niamh Ruane: 
 This is the view from the Brazilian side... | 
 ...and this is the view from Argentina! | 

Seo Caiman i bpáirc nádúir 
  gar do Carlos Pellegrini. 
  Is áit an-speisialta ar fad í, le an-chuid ainmhithe agus éan. 
  
  Bhí piranhas san uisce ach ní fhaca mé iad! 
  Chonaic mé nathair anaconda, woodpecker agus capibara chomh maith.

This monkey was keeping a close eye on the tourists!
Tá mé i Mendoza faoi 
  láthair.
  Thosaigh mé ar scoil inné ag foghlaim Spáinise sa rang. 
  
  Is teanga an-deas í, agus níos éasca anseo ná sa 
  Spáinn. 
  Bhuail mé lena lán daoine an-deas. 
  Tá an áit seo go hálainn, ar imeall na hAndes. 
  Déantar a lán fíona. 
  Tá an aimsir go hálainn. 
  An t-earrach atá againn anseo!

Tá fadhbanna le critheanna talún 
  i Mendoza. 
  Scriosadh an baile tamaill ó shin. 
  Mar sin shocraigh an comhairle áitiúl ar 'plazas' a chur ar fud 
  na cathrach ionas go mbeidh áit sábhailte don phobal nuair a tharlaíonn 
  sé arís.
  Tá súil agam go mbeidh an smaoineamh céanna acu 
  nuair atá siad ag ath-tógáil na bailte i Pakistan.

Chaith mé 20 uair a chloig ar an mbus 
  idir Mendoza agus Bariloche. 
  Don chuid is mó den turas níl aon rud le feiceáil ach an 
  spéir agus an chré!
  

Chaith mé lá ag sléibhteoireacht 
  anseo i Bariloche. 
  Tá na sléibhte go hálainn anseo. 

Tá a lán sneachta fós 
  thart timpeall!
   

Dúradh liom go raibh damhain alla mar 
  seo ar fud na háite i San Rafael. 
  Ní fhaca mé aon cheann áfach!

Anois, tá mé ag obair mar ghrianghrafadóir

Ó mo kayak féin, tógaim pictiúirí de dhaoine ag dul síos abhainn

If they like the pictures, they can purchase them when on dry land again
Tá súil agam go bhfuil sibh 
  ar fad go maith i gContae Mhaigh Eo. 
  Seo mo nuacht ó Mheiriceá Theas ag tús Mí na Nollag!
Tá an samhradh ag teacht anois anseo 
  agus tá an áit ag fáil réidh don 
  Nollaig. Tá na laethanta ag éirí nios leithne agus an aimsir 
  ag dul i 
  bhfeabhas!
|  | Bhuel, tá mé i mo chónaí 
        anois in áit an-fhliuch! Puerto Varas is é an t-ainm  den áit agus tá sé suite i dtuaisceart Patagonia. Ta tri bholcán thart timpeall orainn agus, cé nach bhfuil aon deatach ag teacht amach faoi láthair, tá siad fos beo! Beidh me an-chúramach anseo! | 
| 
 Seo dhá ghriangraf ón 
        abhainn agus is féidir leat na bolcáin a fheiceáil. 
         |  | 
| 
 | Chuaigh mé ar thuras go Tierra 
        del Fuego agus bhain mé an-sult as. Seo an bád farantóireachta 
        le dul trasna 'Estrecho de Magellanes' go dtí na hoileáin. 
         | 
| Tá an baile is faide ó dheas ar domhan anseo agus chaith mé tamaill ann. Tá Ushuaia an-deas. | 
 | 
|  | Tá sléibhte thart timpeall 
        ar fad agus chuaigh mé ar bhád  chun leonta mara a fheiceáil. Tá piongain agus a lán éan ann chomh maith. | 
Tabhair aire agus bíodh Nollaig mhaith 
  agaibh ar fad agus athbhliain faoi 
  mhaise.