
Bronnadh 2003
| 
 Ar an Traein Suas | 
 Christchurch Cathedral | 
| 
 Sharon Joyce, Comhairle Co. Mhaigh Eo, ag caint. | 
 Minister for Education and Science, Noel Dempsey, presenting the flag. | 
| 
 Siopadóireacht | 
 We had a look the Dublin Spire | 
Ag Bailiú an Bratach Glas
 Bhíomar chun an Bratach Glas a fháil i mBaile 
  Átha Cliath. Chuamar suas ar an 12/2/03.
  D'éirigh mé ag fiche tar éis a sé ar maidin. Bhíomar 
  ag an staisiún traenach ag a ceathú tar éis a seacht. Shroich 
  an traein ag a fiche tar éis a seacht. Bhí Íde ó 
  rang a cúig, Muinteoir Gearóid agus iníon Gearóid, 
  Laura linn. Ba iad seo na stopanna a bhi againn : Gabhal Manulla, i gClár 
  Chlainne Mhuris, Caisleán Riabhach, Ros Comáin, Ath Luain, Clóirtheach, 
  An Tullach Mór, Cúl an tSúdaire agus ansin Staisúin 
  Heuston. Nuair a shroich muid an staisúin d'fhág muid slán 
  le ár gcairde ó Bhaile Uí Fhiacháin, agus Cathair 
  na Mart. Fuair muid bus dhá-stór go dtí Sráid Ionadóireacht 
  Uachtarach, Ansin siúl muid go dti 119 Sr. Capel don "I.P.C.C" 
  "Irish Peatland Conservation Council" chun stampaí a fhágail. 
  Fuair mise T-Léine do mo dheifúir ar €1 le "Save Our 
  Boglands" scríobhta air, ansin chuaigh muid ar droicead trasna na 
  Life. Nuair a chuaigh muid trasna d'fhéach muid siar agus chonaic muid 
  an "Spire" D'fhéach muid ar feadh nóimead amháin, 
  ansin chuaigh muid go dtí "Tailor's Hall" Chun ár ndinnéar 
  a fháil. Ar an mbealach d'fhan muid ar Séipéal Eaglais 
  Chriost. Thóg sé fiche nóimead orainn chun "Tailor's 
  Hall" a fháil. Bhí muid ag fanacht ar feadh cúpla 
  nóimead. Bhí ispiní agus práta, ansin le haghadh 
  milseog.Bhí Strudel seacláide agam. Bhi uair agus caoga cúig 
  nóimead fághta go dtí an séarmóin. Ag a fiche 
  tar éis a do thosaigh an séarmóin. Tháinig Noel 
  Dempsey chun na Bratacha a thabhairt amach. Bhí daoine ag caint ar feadh 
  tamaill. Thóg duine pictiúr den ghrúpa ó Scoil Raifteirí 
  nuair a thug an tAire an bratach dúinn. Nuair a d'imigh muid ó 
  Tailor's Hall chuaigh muid go Sráid Grafton. Bhi a lán siopaí 
  ar Sráid Grafton. Chuaigh muid isteach i gcúpla ceann acu.
  Ar a cearthú chun a sé shroich muid Staisiún Heuston. Shroich 
  muid Caisleán a Bharraigh ag a leath uair tar éis a naoi. Bhí 
  lá an-deas againn.
  
  Le Seán O Taidhg 
  

Seo an bratach ag dul suas! Tháinig Tim Quinn, Cathaoirleach Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, ag meán lae, ar an triú lá Márta, 2003, chun an bratach a ardú dúinn. Tá Aoibhinn agus Eimear ón gcoiste ag tabhairt cabhrach dó.
Seo pictiúirí ón lá
Ag cur suas an bratach
| 
 Criostóir, Caoimhin agus Conchubhair ó Rang 6 |  Máire Treasa, príomhoide, Úna Ní Ghabhláin, cathaoirleach na scoile, Tim Quinn, cathaoirleach, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Sharon Joyce, Environmental Officer, Comhairle Cho. Mhaigh Eo. | 
| 
 Na naíonáin agus na bratacha deasa |  | 
| 
 An Coiste os comhair na scoile | 
 An Banna Ceoil | 
Sa Halla

  Tim Quinn ag caint linn
| 
 Máire Treasa ag eagrú rudaí | 
 Sharon Joyce ag caint leis an slua 
 | 
| 
 Bhí an cupán tae tuillte | 
 Seo Úna ag gearradh an cháca álainn a rinne Máire Uí Dhonncha |