Seachtain na Gaeilge
2002
Seachtain na Gaeilge 2003
Seachtain na Gaeilge 2004
Bhí Seachtain na Gaeilge 2005 idir an seachtú agus an deichiú lá Mí Márta
Chas ceoltóirí ó Rang 2 Óró Sé do Bheatha 'Bhaile |
Ansin, chas siad 'Tá Dia anseo, anois' |
![]() |
Bhain gach duine sult ón dráma a rinneadh don Chéad Fhaoistin 'An Chaora a chuaigh ar Strae' |
Chuaigh Rang 3 go Teach Turlach agus Músaem an tSaoil Faoin Tuath chun suaitheantaisí Naomh Pádraig a dhéanamh. Go raibh agaibh a Thomáis agus a Vivian, a stiúraigh an ceardlann. |
![]() |
![]() |
Seo samplaí den obair a bhí déanta |
![]() |
Seo cuid den slua mór ag féachaint ar an gcomórtas bréagéadaí a rinne an dá Rang 1
Rinne Múinteoir Conall agallamh le gach páiste |
agus is iad seo na buaiteoirí! |
![]() |
|
Seo na páistí ó Rang Niamh |
|
Seo na páistí ó Rang Nóirín |
Aiste a bhuaigh duais:
Tagann RTÉ
Lá amháin, fuair an scoil a lan leabhar
agus dhíol siad iad i gcomhair an tsunami. Rinne an scoil a lán
airgead. An oíche sin, bhí an t-airgead fágtha sa
scoil. Tháinig daoine agus ghoid siad an t-airgead. Ar maidin chonaic
muid go raibh an t-airgead go léir imithe! Chuir muid glaoch ar
na gardaí agus tháinig siad go tapaidh. Dúirt siad
go raibh súil acu go mbeidh siad in ann an daoine a fháil.
"Tá súil againn freisin" a dúirt an múinteoir,
agus aghaidh bán uirthi. Tá súil agam nach dtarlódh
aon rud mar seo arís. An oíche sin bhí na gardaí
fós sa scoil ag cuartú fianaise. Tháinig na gadaí
ar ais sa scoil. Cheap siad go ndearna siad dearmad ar a rudaí.
Chonaic na gadaí na gardaí agus rinne siad iarracht éalú.
Ach fuair na gardaí iad agus thóg siad iad go dtí
príosún. Ag a naoi a chlog an mhaidin dar gcionn fuair an
scoil an t-airgead ar ais agus chuaigh an t-airgead go léir go
dtí na daoine san Áis. Chabhraigh sé go mór
leo. An lá sin tháinig RTE go dtí an scoil. Nuair
a chuala siad go bhfuair muid an t-airgead go léir ar ais bhí
siad ag iarraidh an scéal a chur ar an teilifís. An lá
sin an lá is fearr a bhí agamsa ar scoil mar fuair gach
duine an rud a bhí siad ag iarraidh. le Karla Ní Riagáin, Rang 4 |
![]() |
Chas Eva, Marissa agus Eibhlín ceol álainn dúinn ar an Luan |
Chan Máire Treasa dúinn freisin |
Rinneamar taifeadadh ar gach rud! |
Bhí gach clár fógra maisithe ar bhealach álainn |
![]() |
Léigh an t-údar, Colmán Ó Raghallaigh, ó roinnt dá chuid leabhar do Ranganna 1 agus 3
Seo páistí ó Rang 3 ag baint sult as |
![]() |
Bhí dhá cheardlann drámaíochta i rith na seachtaine
Seo Rang 4
![]() |
![]() |
Agus seo Rang 5
Bhuaigh Naoise duais leis an dán seo
Emily agus Lycia, Rang 3 |
Caitríona Ní Mhaolmhuaidh, Rang 1 Niamh |
Seo na buaiteoirí on gcomórtas seanfhocal ag Ranganna 1, 3 agus 4.
Diarmuid agus Shannagh, Rang 4 |
Meaghan Nic Eoghan, Rang 1 Nóirín |
Seo pictiúr déanta ag Aoife i Rang Naí. Shin. Nóirín |
Aoife Ní hAileagáin |
Gráinne Nic Nioclás |
Is iad seo na pictiúirí is fearr a bhí daite isteach ag na Naíonáin Shóiseareacha (Nóirín agus Máire)
![]() |
![]() |
Bhí Tráth an gCeist idir na páistí ó Ranganna 5 agus 6
Scríobh Arthur Ó Súilleabháin
(óg) dráma darb ainm 'Rap-unzel'.
Chuir Rang 5 ar an ardán dúinn é ar an Déardaoin.
![]() |
![]() |
Seo Art Ó Súilleabháin (fásta), a thaispeáin a chuid filíochta do Rang 4
Bhuail an t-údar Ré Ó Laighléis
isteach chugainn.
Léigh sé scéalta óna leabhar Bolgchaint do
Ranganna 5 agus 6.
![]() |
![]() |
Bhuaigh Seán Mac Pháidín, ó Rang 5, duais leis an dán seo:
Céard atá i mo mhála siopadóireachta?
Tá trátaí, tá prátaí
Tá ubh, tá subh
Tá polo, tá rolo
Tá pizza, tá pasta
Tá geansaí, tá bristí
Tá mapa, tá hata
Tá leigheas, tá liathróid de gach saghas
Tá úll, tá oráiste, beidh gach duine sásta
Tá a lán rudaí i mo mhála siopadóireachta.
Seo buaiteoirí ó na comórtaisí Aistí agus Filíochta |
An trí fhoireann ab fhearr sa tráth na gceist |
Ealaíontóirí óga den scoth
Na páistí is fearr ó thaobh labhairt na Gaeilge
Léirigh na páistí seo seanfhocail trí phictiúirí áille a dhéanamh
Ag an deireadh, d'fhág Maire Treasa slán
le gach duine sa halla.
Faoin am seo, bhí na naíonáin go leir imithe abhaile!
Ár mbuíochas do Mhúinteoir Niamh a d'eagraigh na himeachtaí do Sheachtain na Gaeilge i Scoil Raifteirí, agus do na múinteoirí is na páistí uile a ghlac páirt sna heachtraí.