From Castlebar - County Mayo -

Alison Laredo
Fuinneog na Nollag Competition Winners
By Alison Laredo
10, Jan 2012 - 19:52

Fuinneog_na_Nollag__by_Alison_Laredo_1.jpg

Bhí iomaíocht dian ann do Chomórtas ‘Fuinneog na Nollag 2011 - Shop Window Competition' a bhí mar chuid d'fhéile siopadóireachta Croí na Nollag Chaisleán an Bharraigh. Rinneadh moltóireacht ar taispeántais na bhfuinneog bunaithe ar luaíocht ealaíonta agus ar úsáid cruthaitheach na Gaeilge. Ba mhaith le Gnó Mhaigh Eo, na h-urraitheoirí don chomórtas seo comhghairdeas a dhéanamh agus buíochas a ghabháil leis na gnólachtaí go léir a chuir ana iarracht isteach ann. Bhí méid ard iontrálacha ann agus bhí siad d'ard-chaighdeán rud a rinne tasc na moltóirí an-deacair.

Comhghairdeas ó chroí do na gnólachtaí a bhuaigh na duaiseanna. Bhí "The Mood Gallery" atá suite ar an bPríomhshráid sa chéad áit le duais de €500 bainte amach acu. Tháinig Sanzio ar Sráid Hopkins sa dara háit le duais de €200. Don tríú háit le duais de €100, fuair beirt na pointí céanna agus is iad The Upper Crust & Mandel's Art Shop na comhbhuaiteoirí san. Chomh maith, fuair gach buaiteoir dearbhán do Chúrsa Cúirtéis Teanga don fhoireann saor in aisce ó ‘Gnó Mhaigh Eo' mar chuid den duais.

"Bhíomar thar a bheith sásta le rannpháirtíocht na ngnólachtaí as Caisleán an Bharraigh agus an bealach inár úsáid siad an Ghaeilge. Tá súil againn nach bhfuil inti seo ach an chéad céim dóibh siúd an Ghaeilge a úsáid ina dtaispeántais fuinneoga agus ina n-aghaidheanna siopaí" a dúirt Anna Ni Chárthaigh, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo.

Tá sé i gceist ag Gnó Mhaigh Eo clinic eolais a eagrú do na gnólachtaí go léir i gCaisleán an Bharraigh sa bhliain nua le h-eolas faoi na scéimeanna tacaíochta gnó atá ar fáil ó Fhoras na Gaeilge le deontais 50:50 dírithe ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Is iad na scéimeanna siúd, an Scéim um Chomharthaíocht Ghnó Nua nó Athdheartha (suas go €1500) agus Scéim um Ábhair Dhátheangacha Ghnó (suas go €1000).

Téigh isteach ar shuíomh www.gaeilge.ie a bhaineann le Foras na Gaeilge le tuilleadh eolais a fháil faoi na scéimeanna seo sa rannóg ‘Gnó Means Business'.

Ba mhaith le Gnó Mhaigh Eo Nollaig Shona & Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise a ghabhail daoibh go léir.


Fuinneog_na_Nollag__by_Alison_Laredo_2.jpg


The Mood Gallery wins Fuinneog na Nollag Competition

There was stiff competition for the ‘Fuinneog na Nollag 2011 - Shop Window Competition' which was part of the Croí na Nollag Castlebar Shopping Festival. The window displays were judged both on artistic merit and the creative use of Irish. Gnó Mhaigh Eo, the sponsors of this competition, would like to congratulate and thank all the businesses who made the effort to take part. There were a large number of entries which were all of a high standard making the judges' job a very difficult one!!

A hearty congratulations is in order for the businesses who won the prizes. The Mood Gallery situated on Main Street were the winners of the first prize of €500. Sanzio on Hopkins Street were the winners of the second prize of €200. There was a tie for the third prize of €100 and the joint winners, The Upper Crust of Bridge Street and Mandel's Art Shop of Main Street received €100 each. In addition to the prizes above, the winners also received a free Cúirtéis Teanga course voucher from Gnó Mhaigh Eo - a Language Courtesy course for the staff of each of the winning participants.

"Gnó Mhaigh Eo were really delighted with the response from the Castlebar businesses and with their use of Irish. We hope that this is just the first step and that it will encourage businesses to think about using Irish in their window displays and shopfronts on a more permanent basis." said Anna Ni Chárthaigh, Príomhfheidhmeannach Ghnó Mhaigh Eo.


Gnó Mhaigh Eo plan to run an information clinic for all businesses in Castlebar in the new year to provide information on the 50:50 funding support grants available from Foras na Gaeilge for SME's. These schemes consist of the New or Replacement Business Signage scheme (up to €1500) and the Bilingual Business Materials scheme (up to €1000)

For further information on these funding schemes please refer to Foras na Gaeilge's website www.gaeilge.ie under the Gnó Means Business section.

Ba mhaith le Gnó Mhaigh Eo Nollaig Shona & Athbhliain faoi shéan agus faoi mhaise a ghabhail daoibh go léir.

Fuinneog_na_Nollag__by_Alison_Laredo_3.jpg


Fuinneog_na_Nollag__by_Alison_Laredo_4.jpg



Check out Alison Laredo's Webpage

 



© Copyright 2012 by Castlebar - County Mayo -