Posted by Triona on September 02, 2003 at 20:22:08: In Reply to: Re: Need a translation from Irish to english posted by Barry Holohan on December 18, 2002 at 16:52:46: Bíonn deireadh I ndán do theanga, dar le Dalby, nuair nach mbíonn fágtha mar chéile comhrá ag cainteoir ach teangeolaí maoithneach le teipthaifeadán! Ach nach bhfuil a leithéid de rud agus sochaí dháthenagach ann? Tá agus bhí riamh. Ach ní gnách go maireann dhá thenga ar comhchéim le hais a chéile san fhadtréimhse: diaidh ar ndiaidh faigheann an ceann is láidre agus is forleithne an lámh uachtair ar an gceann eile. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil a chruthú sin ar leac an dorais again féin I gcás na Gaeilge. Ina dhiadh sin is uile, is fíor go maireann teangacha, uaireanta, I gcúinsí mífhabhracha. San Fhionlainn, fad is a bhí an tSualainn (anuas go dtí 1809) agus an Rúis (go dtí 1917) I gceannas na tire, ba í an Fhionlannais teanga na cosmhuintire – teanga tuathánach bocht agus daoine eile a bhí go minic gan acmhainn, gan seilbh, gan cumhacht – agus Sualannais nó Rúisis mar theanga riaracháin. Anois, cé go bhfuil aitheantas oifigiúil ag an tSualannais, is í an Fhionlannais teanga dhúchais breis is 90% den daonra. Maidir leis an Rúisis, ní chloistear á labhairt san Fhionlainn anois í ach ag cuairteoirí nó ag turasóirí de bhunadh na Rúise féin nó seanAontas na Sóivéide. Cén fath a luaitear an Ghaeilge sa triú halt? Luaigh rud amháin a deirtear sa cheathrú halt I dtaobh na Fionlannaise. Tabhair cúis amháin ar glacadh leis an Eabhrais mar theanga stáit in Iosrael?
|